Éirí Amach 1798 in Éirinn | |
---|---|
Cineál | cath |
Dáta | 24 Bealtaine 1798 |
Comhordanáidí | 53° 17′ 16″ N, 6° 45′ 21″ O / 53.2878°N,6.7558°W |
Áit | An Chorrchoill |
Tír | Ríoghacht Éireann |
Rannpháirtithe | Ríocht na Breataine Móire |
Cath a troideadh sa Chorrchoill, Contae Chill Dara ar an 24 Bealtaine 1798 mar chuid d'Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe ab ea Cath na Corrchoille.[1]
Sráidbhaile mheasartha nuabhunaithe a bhí ann, curtha i dtoll a chéile mar ionad déantúsaíochta cadáis thiar sa bhliain 1780.
Rinne trí scór duine de chuid na nÉireannach Aontaithe ionsaí ar gharastún Briotanach go luath san fheachtas míleata.
Chuadar i mbun troda faoi choim na hoíche ar an 24 Bealtaine ag 2 a.m. chun an ruaig a chur ar lucht an gharastúin — mílíste Chorcaí agus díorma de reisimint Bhriotanach darbh ainm na “Ancient Britons”.